Download Brochure >>

Autumn Programme 2017

Join our Mailing List


Ionad Cultúrtha
an Dochtúir Ó Loingsigh
Baile Mhúirne
Co. Chorcaí

Tel: +353 (0)26 45733

  • Ionad Culturtha on Twitter
  • Ionad Culturtha on Youtube

TAISPEÁNTAISÍ EALAÍONA / ART EVENT DIARY >>

07.04.16 - 02.05.16 ‘Turas le Dathanna’

le Maura McCarthy

Rugadh agus tógadh Maura i mBaile Mhic Íre, Co. Chorcaí. D’fhág sí Baile Mhúirne i 1979. Maireann clann agus gaolta léi sa pharóiste fós. Anois tá Maura ina chónaí i Sciobairín le breis is fiche bliain, áit atá croí látharnach leis na n-ealaíon i Iarthar Chórcaí.

Tá sí ag gabháil le Ealaín Theibhí le deich mbliana anuas. Nuair a dheineann sí cur síos ar a cuid oibre is breá léi an slí a thagann dathanna le céile agus an turas a thógann siad i dteannta a chéile. Chuireann sí sraitheanna péint ar an canbhás agus bíonn éifeacht uigeanta go rialta ar na píosaí a dheineann sí. D’fhoghlann sí a cuid saothar trí cúrsa ealaíona lán-aimsire a dhéanamh agus ansan ag obair leis an ealaíontóir Éireannach/Meireánach Matt Lamb ó Chicago. Chaitheadar an-chuid samhradh i dteannta a chéile sa stiúideo oibre a bhí aige in aice le Sciobairín, Iarthar Chorcaí. Mhúin sé scíleanna agus teicníocht di agus chuir sé comhairle uirthi rud a bhí luachmhar di ó thaobh a stíl féinigh a cothú. Tugann an nadúr agus an timpeallacht inspioráid di ag obair ar píosaí éagsúla.

Bíonn Maura ag díol a cuid ealaíon ar ceantanna beo go rialta ar an suíomh idirlín www.morganodriscoll.com ‘Off the Wall auction’. Tá sí mar bhall don Ionad Ealaíona Iarthar Chorcaí. Bhí taispeántas aonair aici san Ionad Ealaíona agus Cultúra sa Trá Mhór, Co. Phort Láirge i 2015. Bíonn sí ag díol ar a suíomh idirlín www.mauramccarthyartist.com Tá bailitheoirí aici timpeall na cruinne – na Stáit Aontaithe, An Ghearmáin, Dubai, An tSín agus anseo ag a baile. Tá an-áthas ar Mhaura bheith thar n-ais ina baile dúchais lena taipéantas ildaite.

clear

 

 

Turas le Dathanna