Download Brochure >>

Autumn Programme 2017

Join our Mailing List


Ionad Cultúrtha
an Dochtúir Ó Loingsigh
Baile Mhúirne
Co. Chorcaí

Tel: +353 (0)26 45733

  • Ionad Culturtha on Twitter
  • Ionad Culturtha on Youtube

Bórd Oideachas agus Oiliúna Chorcaí / Board of Management

Tá Coiste Cultúrtha an tIonad Cultúrtha mar foth-choiste de Bórd Oideachas agus Oiliúna Chorcaí.
Seo a leanas baill den Choiste Chultúrtha:

Síle Ní Ríordáin (Cathaoirleach) / Múinteoir Bunscoile
Rugadh i gCeanntar Mhúscraí agus tógadh ar fheirm gar do Bhaile Bhuirne í. D’fhreastail sí ar Scoil Naisiunta Bhaile Mhúirne agus ansan go dtí Coláiste Iosagáin i mBaile Mhúirne. B’ann a ghnóthaigh sí a ghrá don Ghaeilge agus d’oibrigh sí mar cheannaire ar déagóirí óga ar cúrsaí samhraidh Gael-linn i rith laethanta saoire scoile. Ina dhiaidh san, d’fhreastal sí ar Cholaiste Mhuire gan Smál agus fuair sí Céim san Oideachas. Thug sí aghaidh ar Chathair Bhaile Atha Cliath, áit a fuair sí post muinteoireachta i Scoil an tSeactar Laoch i mBaile Munna. Bhí an t-ádh léi i mBaile Atha Cliath mar bhí an chathair lán de ceoltóirí, rinceoirí seite agus amhránaithe agus mar sin, bhí sí i lár an aonaigh ann ag éisteacht agus ag rince leo. D’oibrigh sí ar feadh tréimhse le Slógadh Gael-Linn - ag dul timpeall na tíre leis an bhfoireann ag eagrú agus ag rith na comórtais áitiúla, reigiúnda agus Naisiúnta. Bhí baint aici fós le cúrsaí samhraidh Gael Linn, a bhí á rith i mBaile Mhuirne. Nuair a dúnadh Coláiste Iosagáin sa bhliain 1990 tugadh cuireadh di bheith mar bhall de fhoireann mhúinteoireachta Gael Linn I gColáiste Bhaile Mhúirne. Tar éis cúig bliana i Baile Atha Cliath fuair mí post múínteoireachta i nGaelscoil Uí Riada i mBaile an Easpaig. Ní raibh sí ró fhada i gCorcaigh nuair a glacadh mar bhall de Chór Ban Cúil Aodha í agus níorbh fhada go raibh sí ag freastail ar ranganna amhránaíochta, ceolchoirmeacha agus ócáidí cultúrtha a bhí ar siúl san Ionad Culturtha i mBaile Mhuirne. Sa bhliain 2010 tugadh cuireadh di bheith ina Chathoirleach ar Choiste Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne.

Toirdealbhach Ó Lionáird (Rúnaí) / Aisteoir, Scríbhneoir agus Príomhoide- Meánscoile
Tá Toirdealbhach O Lionáird ina phríomhoide i gColáiste Ghobnatan ó 2017. Rugadh agus tógadh i gCill Áirne, Co. Chiarraí é ach is i mBaile Mhúirne a mhúscail sé a shuim sa drámaíocht. Mar bhall bunaidh d’Aisteoirí Ghobanan, ghlac sé páirt i mórán drámaí, a léiríodh go háitiúil agus timpeall na tíre. Is iomaitheoir Oireachtais é freisin, páirteach sna hagallaimh beirte agus sna lúibíní. Tá suim fé leith aige san fhilíocht agus scríobhann sé gearrscéalta chomh maith, i dteannta a cháirde atá sáite sna healaíon i gCill Áirne.

Canon Salter / Ball de BOOC(CETB)
Rugadh Seoirse Saulter i mBaile an Chaisleán, in Iarthar Chorcai sa bhliain 1925. Fuair sé a chuid bun scolaiocht i Scoil Náisiúnta an cheantair, áit a d’fhoghlaim sé Laidin agus Greigis ó Reachtaire sa pharóiste, mar go raibh sé i gceist aige dul isteach san Eaglais. Taréis a chuid scolaíócht tarna libhéal i Mainisitr na Corann, chuaigh sé go Coláiste na Trionóide i mBaile Áth Cliath chun Gaeilge, Spáinis, Gréigis, Laidin agus an Eabhrais a staidéar. Bhain sé amach céim onóracha sa Gaeilge agus sa Spainis sa bhliain1947. Deinneadh é a oirniú ina dhéagánach in Eagalis Naomh Muire i gCeatharlach sa bhliain 1949. Taréis dó a chuid ama a chaitheamh i Ráth Domhnaigh, d’fhill sé tharnais go Chorcaig chun oibriú i paróiste Naomh Lúcás agus Sean Dúin. Ceapadh é mar Reachtaire chun obair i Mainistir Fhear Muighe sa bhliain1953 agus dhá bhliain ina dhiaidh san, ceapadh é mar Reachtaire Ii Naomh Lúcás agus Sean Dúin i gCorcaigh – ait a d’fhan sé ar feadh 40 bliain. Bronnadh mar Canónach é in Ard Eaglais Naomh Padraigh i mBaile Átha Cliath roinnt blianta ó shin. Tofadh é ar an Bórd Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcai agus ansan ar Bórd Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, agus ar Institiúd Tecnólaíochta Chorcaí, áit a bhí sé ag cothú teanga agus dúchas na tírthe.

Seán Ó Muimhneacháin / Na hEalaíne Traidisiúnta
Rugadh agus tógadh Seán Ó Muimhneacháin i nGaeltacht Mhúscraí agus is ann a fuair sé a chuid oideachais bunscoile agus meánscoile. Tá a shaol oibre ar fad (1964 – 2009) caite aige ag múineadh sa cheantar Gaeltachta seo agus le linn an ama sin tá sé sáite go domhain i gcúrsaí cultúrtha agus teanga. Is mó seó stáitse atá scríofa agus léirithe aige le daltaí bunscoile, meánscoile agus le daoine fásta agus tá sé gníomhach i gcúrsaí drámaíochta agus ceoil le fada an lá. Ón mbliain 2010 tá sé ag múineadh na nAgallamh Fileata, gné de thraidisiún béil na Gaeltachta, ins na scoileanna maguaird fén scéim Béal Beo. Tá sé gníomhach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus in imeachtaí Oireachtas na Gaeilge. Tá dhá leabhar foilsithe aige, Bígí ag Agallamh (2006), leabhar d’agallaimh agus lúibíní do dhaltaí scoile agus Gleanntán an Aoibhnis (2011),bailiúchán dá chuid dánta agus amhrán. Tá Duaiseanna Liteartha an Oireachtais buaite aige go minic dá chuid scríbhneoireachta, idir dhrámaí, amhráin agus agallaimh. Seineann sé ceol agus tá blianta caite ag múineadh ceoil agus ag eagrú grúpaí agus bannaí ceoil do chomórtaisí ceoil agus do seónna stáitse.

Aindrias Ó Muimhneacháin / Teachta Dála
Ionadai pobail aitiúil Muscraí. Ball de Údarás na Gaeltachta; Ball de Comhairle Contae Chorcaí; Ball de Choiste straitéiseach Ealaín, Cultúir agus Teangacha Chomhairle Contae Chorcaí; Ball de bhord bainistiochta Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Coláiste Ghobnatan Baile Mhic Íre, agus Scoil Mhuire Béal Ath’an Gaorthaidh; Ball de Choiste Cuimhneacháin 1916 Chomhairle Contae, Iar-bhall de Choiste Ghairm Oideachais Contae Chorcaí. Cáilithe mar Innealtóir agus sa bainistiocht agus margaíocht ó CIT agus ó Ollscoil Chorcaí. Anois tá sé mar Teachta Dála le Fianna Fáil.

Nóirín Hamilton / Taithí Eagrúcháine
Tá sí le blianta fada taréis bheith sáite go mór i saol chulthúrtha agus sóisialta a baile dhúchais, Chúil Aodha.
1990 - 2001: Mar bhall de Chomhaltas Chosanta Chúil Aodha, Coiste forbhartha áitiúl a déileáileann le h-eagraíochtaí eile, le foirigneamh agus áiseanna an phobal sa cheanntar. Taobh le seo bhí sí mar oifigeach áitiúl bainteach le Sabhalleacht Uisce na hÉireann ar feadh ceithre mbliana.
1985 – 2005: Coiste Briotanch: Mar bhall agus mar Rúnaí ar feadh 3 mbliana.
2006 –: Coiste Cruinniú na bhFliúit: Mar rúnái ó thuas ar an grúpa seo a ritheann féile cheoil ag diriú isteach ar an bhfliúit mar uirlis. Rithtí an fhéile idirnáisiúnta seo ar feadh cuig lá go bliantúil le ranganna, léachtanna agus seisiún. Tá sé fós ag dul go láidir.

Seán Óg Ó Dúinnín / Aisteoir, Ceoltóir agus priomh oide meán sceoil
Tá Seán Óg ina prhríomhoide i Scoil Mhuire, Béal Átha’n Ghaorthaidh ó 2006 i Leith agus roimhis sin bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge agus Béarla i nGaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh. Is as Cúil Aodha dó agus is ansin, sa bhunscoil agus sa chlub óige a thosnaigh sé ag drámaíocht le tacaíocht agus treoir ó Dhónal Ó Liatháin. Agus é g freastal ar Choláiste Ghobnatan, ghlac sé páirt in iliomad drama faoi stiúir Rachel Ní Riada. Tá sé ag aisteoireacht ó shin agus drámaí déanta aige le hAisteoirí Chúil Aodha, Aisteoirí Ghobnatan agus Aisteoirí Bhearna na Sceach i Máigh Chromtha gan trácht ar ghuthú do chomhlachtaí teilifíse do chláracha ar TG4. Tá páirt glactha aige i gceoldrámaí chomh maith, agus go deimhin, bionn roinnt ceoil á sheinmt aige freisin.

Cormac Ó hAodha / Aistritheoir-Teagascóir in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile Corcaigh
Is cainteoir dúchais Gaeilge é Cormac ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. Creideann sé go dtugann an cúlra seo tuiscint mhaith dó ar an gCultúr agus ar an dTraidisiún Gaelach, go háirithe ó thaobh seantraidisiúin na litríochta, na hamhránaíochta dúchais agus Gaeilge na Gaeltachta sin. Chuaigh Cormac ar scoil náisiúnta i gCúil Aodha agus ar an meánscoil i gCeardscoil/Coláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne agus as san go Coláiste na hOllscoile Corcaigh mar a bhain sé amach céim BA sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais, céim MPhil sa Ghaeilge agus Ard-Dioplóma san Oideachas HDipEd.

Tá tréimhsí éagsúla tugtha aige ag obair in earnáil na teilifíse Gaeilge. Bhunaigh sé cuideachta neamhspleách aistriúcháin i gCúil Aodha ina raibh seisear fostaithe aige. Tá seal caite aige ina léachtóir le Gaeilge agus le Cultúr na hÉireann in Ollscoil Rennes 2 sa Bhriotáin (An Fhrainc) agus níos déanaí sa Bhruiséil (An Bheilg), mar a thug sé roinnt bhlianta ina aistritheoir gairmiúil le Coimisiún na hEorpa. Chríochnaigh sé tráchtas MPhil i UCC dar teideal 'Amhráin ó Mhúscraí - bailithe ag Próinséas Ó Ceallaigh', tráchtas inar deineadh mór-obair eagarthóireachta ar lámhscríbhinní ina bhfuil breis agus 220 amhrán a bhailigh Próinséas Ó Ceallaigh i bparóistí Bhaile Bhuirne agus Chill na Martra sna 1930'aí. Tá sé i gceist an tráchtas seo a fhoilsiú i bhfoirm leabhair in Earrach na bliana 2019.

Tá spéis ar leith aige in amhránaíocht agus i bhforbairt Ghaeltachta Mhúscraí agus tá sé ina bhall de Chór Chúil Aodha ó bhí sé ina gharsún óg. Tá sé ina chónaí i mBaile Bhuirne mar a bhfuil triúr clainne á dtógaint le Gaeilge agus le Fraincis aige féin agus a bhean Valérie. Thosnaigh sé ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile Corcaigh mar Aistritheoir-Teagascóir i mí na Bealtaine 2015. Tá tús curtha le PhD aige i Roinn an Bhéaloideas agus na hEitneolaíochta i UCC i mbliana (2018) agus béim arís aige ar thraidisiún amhránaíochta Mhúscraí, ar obair nua eitneagrafaíoch sa dúthaigh, bailiú béaloidis agus cartlannaíocht. Beidh an tráchtas seo críochnaithe aige faoi 2021. Tá Cormac ina Chathaoirleach ar Choiste Chuimhneacháin Luíochán Chúl na Cathrach, ina Rúnaí ar Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin agus ina bhall de Chumann Beachadóirí Mhúscraí.

Síle Uí Chróinín / Cúntóir ealaíne san Ionad Cultúrtha
Rugadh agus tógadh Síle i gcroílár Chúil Aodha agus tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag banaltracht i Sasana d’fhill sí abhaile agus tá cónaí anois uirthi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh lena fear céile agus a gclann iníonacha.Tá Síle ina cúntóir ealaíne san Ionad Cultúrtha ó 2006 i leith agus roimhe sin chaith sí breis agus cúig bliana déag ag tabhairt faoi chúramaí baile. Tá cáilíochtaí bainte amach aici sa bhanaltracht agus sa snáthaidpholladh (acupuncture). Chaith Síle na blianta fada ar Choiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh agus ar Bhórd Bainistíochta Scoil Mhuire. Bhí sí ina cathaoirleach ar Naíonra Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ar feadh seal chomh maith. Tá sean-thaithí aici ar a bheith ag plé le drámaí, agallaimh beirte agus lúibíní, agus tá roinnt duaiseanna buaite aici ina leith ag Oireachtas na Gaeilge agus ag féilte drámaíochta.

Bríd Cranitch (Cisteoir) / Stiúrthóir Ionad Cultúrtha
Tá ceol traidisiúnta ag Bríd Cranitch ón gcliabháin. Is deirfiúr í den gceoltóir cáiliúil, Matt Cranitch. Sheinn Bríd piano/méarchlár le an-chuid ceoltóirí agus le grúpaí ceoil ag ceolchoirmeach agus ar dlúth dioscanna – ina measc, Frankie Gavin, Seán Maguire, Moving Cloud, Áine Uí Cheallaigh agus lena deartháir, Matt, comh maith. D’fhoilsigh sí dhá bailiúcháin de cheol traidisiúnta, le dlúthdioscanna an ceann ag dul leo, The Blue Book and The Orange Book, agus sheinn sí an piano ar an dá dlúthdiosca seo. Le cúpla bliain anuas, tá si ag seinnt an fidil comh maith agus is féidir í a chloisint ag seisiúin timpeall na h-áite ach go háirithe ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, i gContae an Chláir i rith an tSamhraidh. Tá sí fostaithe mar bainisteoir ar ionad ealaíne i nGaeltacht Mhúscraí, Ionad Cultúrtha – áit atá ag soláthair cláracha ealaíne don aos óg agus do phobal cheantar Mhúscraí – idir ranganna ceoil, ranganna amhránaíochta, ceardlanna ealaíne, cláracha oideachais ealaíne sna scoileanna mágúird, scéimeanna cónaitheach, taispeántaisí ealaíne agus ceolchoirmeacha traidisiúnta agus claisiceach. Tá Ionad Cultúrtha lárnach i saol chultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí le cúig bhliain déag anuas, faoi stiúir cruthaitheach Bhríd.