Download Brochure >>

Autumn Programme 2017

Join our Mailing List


Ionad Cultúrtha
an Dochtúir Ó Loingsigh
Baile Mhúirne
Co. Chorcaí

Tel: +353 (0)26 45733

  • Ionad Culturtha on Twitter
  • Ionad Culturtha on Youtube

CAD ATÁ AR SIÚL / WHAT'S ON

09.02.18 - White Raven

le Kathleen Dineen, Robert Getchell, Mathias Spoerry

Is stiúrthóir bunaidh í Kathleen de White Raven, grúpa a phléann le ceol meánaoiseach agus amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, dhá spéis faoi leith atá ag Kathleen féin. Thosnaigh Kathleen ag casadh amhrán traidisiúnta le linn a hóige ina háit dhúchais, Co. Chorcaí. Tógadh í le Gaeilge, agus tá an ceol agus an teanga Gaelach ina mór-inspioráidí di ó shin. I 1987 bronnadh Sparánacht na Comhairle Ealaíon ar Kathleen, rud a chur ar a cumas staidéar a dhéanamh ar amhránaíocht na meánaoiseanna ag Schola Cantorum Basiliensis le Richard Levitt agus Dominique Vellard. Tar éis di trí bliana staidéir a dhéanamh, tairgeadh post múinteoireachta do Kathleen, agus tá sí anois leis an bhfoireann teagaisc le 25 bliana anuas. Thar na blianta níor theip riamh ar a cuid suime in amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus meascann sí an dá shruth ceoil le chéile ina tríréad a cappella White Raven.

Leis sin, bhí Kathleen ina stiúrthóir ar roinnt léiriúchán stáitse, san áireamh bhí tionscadal Celtic Road (2010) d’Fhéile Stimmen i Loerrach, Germany. Chuir an tionscadal sin na traidisiúin amhránaíochta éagsúla ó Éirinn, ón Albain, ón Bhriotáin, agus ó na Stáit Aontaithe le chéile, agus ghlac Muireann Nic Amhlaoibh, Julie Fowlis (DUAL), Nell Ni Chróinín , Annie Ebrel (ón Bhriotáin di), Riccardo Del Fra, Tomás Ò Canainn, Tim Erikssen (ó na Stáit Aontaithe dó), Paul Dooley (an chláirseach) agus White Raven páirt ann. Go minic freisin bíonn Kathleen ag seinm i dteannta leis an bhfidléir Gerry O Connor, as Dún Dealgan dó, agus an giotáraí Gilles Le Bigot. Múineann sí ranganna príobháideacha amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann sa Ghearmáin agus san Eilvéis.

Kathleen Dineen, from Macroom Co Cork, but now residing in Switzerland, founded White Raven, an A Capella Trio, in 2001. With the dream of merging her two passions – Irish Traditional and Medieval Song, White Raven has been attracting a wide audience in Europe for almost seventeen years.

Their elegant, clear sound and dynamic performance style has enraptured music lovers across the continent, building them a loyal following in this time. Their three-part settings and arrangements echo the sonorities of the 15th century chanson, with its characteristic fluid fauxbourdon style, while always striving to maintain the integrity of the original song.

Described by critics as ‘voices of purest gold’, this is very much an international trio, with American Tenor, Robert Getchell and French Baritone, Mathias Spoerry, joining Irish Soprano, Kathleen Dineen. All three members of White Raven are active in the field of Early Music.


clear

 

 

 

White Raven

YouTube >>