Download Brochure >>

Autumn Programme 2017

Join our Mailing List


Ionad Cultúrtha
an Dochtúir Ó Loingsigh
Baile Mhúirne
Co. Chorcaí

Tel: +353 (0)26 45733

  • Ionad Culturtha on Twitter
  • Ionad Culturtha on Youtube

IMEACHTAÍ SPÉISIALTA / SPECIAL EVENTS >>

Cúirt an tUachtaráin, Máire Nic Ghiolla Íosa ar Ionad Cultúrtha 2010

Tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa in éineacht leis an Dr. Máirtín Mac Ghiolla Íosa, ar cuairt chuig Gaeltacht Mhúscraí ar an Satharn, an 29ú Bealtaine, 2010. Nuair a thiomáin páirtí an Uachtaráin isteach sa chlós, bhí grúpa beag ceoltóirí óga traidisiúnta ag casadh ceoil lasmuigh den doras tosaigh. Chuireamar fáilté mhór roimpi agus shiúleamar tríd an spás taispeántaise le chéile, áit ina raibh saothair Tacaois (ealaín don aosach) ar crocadh. Mar chuid de Fhéile Bealtaine, bhí céiliúradh ar siúl againn do seanóirí an cheantair agus bhí ceolchoirm spéisialta ar siúl againn dóibh ar an lá san. I rith na ceolchoirme seo, cuireadh fáilte oifigiúil roimh an tUachtarán agus ina dhiaidh san, leanamar ar aghaidh leis an gceol. Chan Nell Ní Chróinín amhrán agus lean Iarla O Lionáird í le amhrán a roghnaigh an tUachtarán féin, ‘Eleanor Plunkett. Cuireadh deireadh leis an gceolchoirm le Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada.

Ansan thug an tUachtarán a h-óráid – inar mhol sí obair agus ról an Ionad Cultúrtha – “ Is léir go bhfuil obair mhór déanta agus á déanamh i gcónaí anseo ag Bríd, ag Síle Uí Chróinín agus ag Eoiní Ó Súilleabháin – an triúr atá fostaithe san Ionad, agus a bhfuil jab iontach á dhéanamh acu . Cinnte go bhfuilid ag cur feol ar an aisling a bhí ag Micheál O Lionáird, athair Iarla, na blianta fad ó shin, nuair a smaoithnigh sé áit mar seo a bhunú. Cuireann an foireann ealaín agus cúrsaí ealaíne d’ardchaighdeán os comhair an phobail trí mheán na Gaeilge. Tugann siad deis fosta d’ealaíontóirí ón Ghaeltacht, agus taobh amuigh den Ghaeltacht, a gcuid saothair a roinnt le pobal Mhúscraí, agus cuireann siad fócas ar fáil do phobal an cheantair le go bhfaigheann siad blaiseadh ar na healaíona traidisiúnta, clasaiceacha agus comhaimseartha.”

clear

Bhron Ionad Cultúrtha saothar ealaíne le ealaíontóir áitiúl, Maura Whelan, ar Uachtarán na hÉireann agus taréis a buíochas a ghabhaíl linn go léir agus taréis di búileadh le scata duine san amharclann, d’fhág sí slán linn go léir agus bhúileadar bóthar – Uachtarán na hEireann agus a páirtí.

Bhí lá iontach againn agus bhí sé soiléir gur chuaigh an ócáid go mór i bhfeidhm ar gach duine - Uachtarán na hÉireann, Máire Nic Ghiolla Íosa, ina measc.