IMEACHTAÍ SPÉISIALTA / SPECIAL EVENTS >>Ó Bhéal Guth Béal - Scéim Ealaíontóir sa Phobal 2009Bhí an cumadóir agus amhránaí Ger Wolfe i mbun oibre i rith 2009 ar thogra cumadóireachta amhráintí nua le seanóirí cheantar Mhúscraí ó ionaid lae Cois Coille, Cuan Barra, an Grúpa Tacaois ón Ionad Cultúrtha agus an grúpa a thagann ‘dí Scoraíocht an Déardaoin san Ionad Áise i Ré na nDoirí. Mar a dúirt Ger Wolfe féin “Is cumadóir/amhránaí mise agus tuigim an neart atá ins na h-amhráintí tradisiúinta agus ins na hamhráintí nua-chumtha chomh maith. Im’ thuairim, níl aon teorainn leis an méid slite gur féidir linn ár smaointí a chur in iúl. Caithimid an ealaín a choimeád beo ach ag an am céanna, caithimid na sean-rudaí a chothú agus a cheiliúradh. Mar sin, ba mhaith liom iarracht a dhéanamh, le huirlisí mo cheird fhéin agus lem’ ealaín féin, scéalta na ndaoine seo a chur i mbéal an phobail arís i bhfoirm amhráintí nua-chumtha.” |
|
Chaith Ger tréimhse ama le seanóirí an cheantair, ag éisteacht lena gcuid cainte agus ag bailiú a gcuid scéalta. As an t-idirmhalartú seo, bhí neart ábhar cumadóireachta aige chun crut nuálach a chur ar na scéalta seo i bhfoirm ceoil agus amhránaíocht comhaimseartha. Ag deireadh na tréimhse seo, bhí cur i láthair poiblí san Ionad Culturtha ar an 22ú Bealtaine 2009 ag ceiliúradh na tréimshe cónaithí seo agus an t-idirmhalartú idir Ger Wolfe agus an grúpa pobail áirithe seo. Dhein Rob Bradstock scannanaíochta ar an togra seo.
Bhí an togra seo maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí.








