Ó Bhéal Guth Béal Bhí an cumadóir agus amhránaí Ger Wolfe i mbun oibre i rith 2009 ar thogra cumadóireachta amhráintí nua le seanóirí cheantar Mhúscraí ó ionaid lae Cois Coille, Cuan Barra, an Grúpa Tacaois ón Ionad Cultúrtha agus an grúpa a thagann ‘dí Scoraíocht an Déardaoin san Ionad Áise i Ré na nDoirí. Mar a dúirt Ger Wolfe féin “Is cumadóir/amhránaí mise agus tuigim an neart atá ins na h-amhráintí tradisiúinta agus ins na hamhráintí nua-chumtha chomh maith. Im’ thuairim, níl aon teorainn leis an méid slite gur féidir linn ár smaointí a chur in iúl. Caithimid an ealaín a choimeád beo ach ag an am céanna, caithimid na sean-rudaí a chothú agus a cheiliúradh. Mar sin, ba mhaith liom iarracht a dhéanamh, le huirlisí mo cheird fhéin agus lem’ ealaín féin, scéalta na ndaoine seo a chur i mbéal an phobail arís i bhfoirm amhráintí nua-chumtha.” Chaith Ger tréimhse ama le seanóirí an cheantair, ag éisteacht lena gcuid cainte agus ag bailiú a gcuid scéalta. As an t-idirmhalartú seo, bhí neart ábhar cumadóireachta aige chun crut nuálach a chur ar na scéalta seo i bhfoirm ceoil agus amhránaíocht comhaimseartha. Ag deireadh na tréimhse seo, bhí cur i láthair poiblí san Ionad Culturtha ar an 22ú Bealtaine 2009 ag ceiliúradh na tréimshe cónaithí seo agus an t-idirmhalartú idir Ger Wolfe agus an grúpa pobail áirithe seo. Dhein Rob Bradstock scannanaíochta ar an togra seo. Bhí an togra seo maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí. .......................................................................................................................................................... |
|
Portráidí le Con Kelleher Ó tosach 2006, tá an griangrafadóir Con Kelleher ag tógaint pictiúirí dos na ceoltóirí/ ealaíontóirí a bhí ar stáitse san Ionad Cultúrtha le linn na tréimhse sin. Tá staidéar cuimsitheach déanta ag Con ar na ceoltóirí go léir seo tríd a cheamara agus an- tuisicnt aige ar spiorad an ealaíontóra. Since 2006, the photographic artist Con Kelleher has been capturing the artistic essence of the musicians /artists who have performed in the Ionad Culturtha over a two year period – 2006-2007. This collection is certainly of great interest to participants and the general public alike as it documents 2 years of concerts. The book was launched at a special event in the Ionad Cultúrtha in March 2009, when some of the musicians featured in the book were present. The book is available from the Ionad Cultúrtha. .......................................................................................................................................................... |
|
Saothar nua rince agus ceoil comhaimseartha |
Music and movement fuse in the word 'casadh' as the choreographer Fearghus Ó Conchúir and the composer Rachel Holstead come together in this new work, CASADH ARIS. The performance is an investigation and a celebration of the communication between them and their art forms. www.bodiesandbuildings.blogspot.com Fearghus Ó Conchúir was brought up in the Ring Gaeltacht. He has choreographed contemporary dance throughout Ireland, England and China - with the purpose of linking people and developing their creative possibilities. His work can be seen on www.bodiesandbuildings.blogspot.com Tá ceol cumtha ag Rachel Holstead do cheoltóirí aonair, ceallairí agus cheolfhoireann,
in éineacht le ealaíontóirí agus eolaithe, agus tógraí deannta aici a thug ón
gciorcail Artach go Central Park ‘s abhaile go Chorca Dhuibhne í. Is féidir léamh mar
gheall uirthi ar www.rachelholstead.net Rachel Holstead has composed music for solo musicians, loudspeakers and orchestras. She has also worked alongside artists and scientists and has been involved in projects which have taken her from the Artic Circle to Central Park and back home to Chorca Dhuibhne. You can read up about her on www.rachelholstead.net .......................................................................................................................................................... |
|
SCÉIM CHÓNAITHEACH Tuarascáil Deireanach View Programme >> |
|
|
Dráma Nua le Liam O Muirthile agus Aisteoirí Ghobnatan Scríobh an file agus scríbhneor cáiliúl, Liam O Muirthile, dráma nua ‘An Crann’ le grúpa pobal Aisteoirí Ghobnatan, san Earrach 2008. Bhí an scríobhneor Liam O Muirthile i mbun oibre le Aisteoirí Ghobnatan – atá lonnaithe san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, i rith Mi na Samhna agus Mi na Nollag 2007. Tháinig an dá ‘ thaobh’ le chéile –O Muirthile agus Aisteoirí Ghobnatan – thar roinnt deireadh seachtainí – chun a gcuid smaointí a roinnt, - scileanna, taithí agus cumas cumadóireachta. As an próicéas seo, tháinig smaointí úra agus nuálaíocha a bhí ansan mar bunús don scríobhneor, O Muirthile, chun dráma nua-cumtha a scríobh - 'An Crann'. Thainig maoiniú don togra ó Ealaion na Gaeltachta agus ó Choiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí. Well known poet and writer Liam O Muirthile worked with local amateur theatre group, Aisteoirí Ghobnatan, during Spring 2008 to create a new play “An Crann”, which was performed in the Ionad Cultúrtha on 25th April 2008. This project was funded by Ealaion na Gaeltachta and Cork County Vocational Education Committee. .......................................................................................................................................................... |
|
|
le Peadar O'Riada RTE Vanburgh String Quartet, Áine Ui Cheallaigh, Frankie Gavin Is é a bhí i ‘Laoi na Carraige Báine’ ná píosa ceoil nua chumtha le Pheadar O Riada - Buaiteor Gradam TG 4 cumadóir na Bliana 2008 - do shreangaibh, guth agus feadóg mhór - ag úsáid téacs ó Mhúscrai cumtha sa chéad seo caite. Bhí meascán stíleanna sa phíosa seo - idir cheol traidisiúnta, téacs thraidisiúnta agus uirlisí oibre an cheoil chaisiceach na h-Eorpa. B’iad na ceoltóirí a bhí ag glacadh páirt ná an RTÉ Vanbrugh Quartet, Áine Uí Ceallaigh agus Frankie Gavin. B’é seo an chéad uair dos na ceoltóirí agus an t-amhránaí a bheidh ar stáitse lena chéile. |
|
|
Tá idir cruthaithe againne ealaíontóirí ildánacha agus sinn go mór faoi scáth agus faoi thionchar Ghobnait Naofa. Is áit ar leith a tobar i mBaile Mhúirne, áit spioradálta agus diaga. Is foinse í d'ár gcruthaíocht agus d'ár spreagadh. Tugaimíd cuairt ar uaigh Naomh Abán, an t-oileán naofa i nGugán, na tobair agus na h-áiteanna spioradálta thart ar Mhúscraí, le dul i dteangmháil leis an domhan eile agus lenár bpearsain inmheánacha. Mairimíd in áit fior álainn. Tá meascán de phian, áthas, duairceas agus dóchas inár saol. Is é idir an spás idir na gnéithe seo go léir. Is ón spás seo a fhaighimid an inspioráid don comh-oibriú seo. | |
|
The word idir means between: the space and time between. In this collaboration between artists of different disciplines, we are drawn especially to the power of Gobnait and her influence on us. We go to her shrine, to her well, and draw inspiration and strength from that powerful place, a place apart, a place between worlds. We visit Naomh Aban's grave, Gougane Barra, and the many holy wells and sacred sites around Muskerry in our attempts to communicate with the 'other' heavenly sphere and with our own inner world. We live in a place of immense beauty. Our lives are filled with pain and joy, despair and hope, longing and fulfilment. Idir is the space between these realities. It is the place from where we draw inspiration for this performance installation Ba mhór an onór agus pribhléad dom páirt a ghlacadh i dteannta ealantóirí móra ar nós Iarla Ó Lionard, Bob agus Bernadete Ní Choitir, Fergus Ó Conchúir agus Chris Hurley. Bhí sé an-shuimúil an obair a bhí idir láimh acu; ceol draíochtúil, scannaíocht ciúin láidir, rinnce co-aimseartha agus amhráníocht sean-nóis agus iad go léir co-nascaithe le chéile idir sean nósanna agus nua nósanna. Bhí mothucháin láidir spioradálta tríd an rud ar fad. Chuir sé daoine ag smaoineamh agus ag caint. I mo thuairim, níor fuair aon beirt an tairbhe chéanna as. Bhaineas an taitneamh ar fad as. Nell Ní Chróinín Ba taispeántas speisialta é idir – agus táim cinnte gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Bhí fhios agam roimh ré go mbeadh an taispeántas láidir ach ní fhéadfainn a chreidiúint an éilimh a bhí ar na ticéidí chuige – bhí sé lán go doras gach oíche agus fiú amháin bhí orainn taispeántas breise a chur ar fáil – b’shin cúig chinn ar fad! Ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm go pearsanta, seachas a gcuid samhlaíocht, ná an gairmiúlacht a bhí ag na ealaiontóirí uilig – Bernadette Ní Choitir, Robert Rasmussen, Chris Hurley, Iarla Ó Lionáird agus Fearghus Ó Conchúir – ba pléasúr mór a bheith ag obair leo.
.......................................................................................................................................................... | |
|
Bhí an file agus scríbhneor, Liam O Muirthile, mar scribhneor cónaitheach i gceantar Mhúscraí i rith 2005. Bhí an scéim seo mar chuid do chlár chéiliúradh chathair Chorcaí mar príomh chathair Chultúrtha na hEorpa agus bhí an scéim chónaitheach seo maoinithe ag Corcaigh 2005 i dteannta leis Cumainn Creidmheasa. Tháinig maoiniú comh maith ó Ealaíon na Gaeltachta. D’oibrigh O Muirthile le daltaí bunscoile le linn do a bheith sa cheantar agus b’iad aidhmeanna an togra ná tuiscint a mhúscailt i measc leanaí scoil ar dhánta agus ar filíocht – chun go mbainfidís taithneamh as focail a chlos, as a gceol, iad a scríobh, iad a chumadh as an nua, iad a athchumadh agus go gcuirfí bonn lena gcumas féin chun dánta nua a scríobh a thaithneodh leo féin le léamh agus le rá. Deineadh díriú isteaach ar dhánta a chumadh timpeall ar ainmhithe – an mhuc, an capall, an bhó, an tarbh, 7rl – chomh maith le dánta éadroma eile. Comh-iarracht a bhí sa chumadóireacht - an t-ealaíontóir i mbun na stiúradh ag spreagadh na leanaí lena gcuid iarrachtaí, á múnlú le lámh chuiditheach. |
|