Tá Coiste Cultúrtha an tIonad Cultúrtha mar foth-choiste de Bórd Oideachas agus Oiliúna Chorcaí.
Seo a leanas baill den Choiste Chultúrtha:
Síle Ní Ríordáin (Cathaoirleach) / Múinteoir Bunscoile
Rugadh i gCeanntar Mhúscraí agus tógadh ar fheirm gar do Bhaile Bhuirne í. D’fhreastail sí ar Scoil Naisiunta Bhaile Mhúirne agus ansan go dtí Coláiste Iosagáin i mBaile Mhúirne. B’ann a ghnóthaigh sí a ghrá don Ghaeilge agus d’oibrigh sí mar cheannaire ar déagóirí óga ar cúrsaí samhraidh Gael-linn i rith laethanta saoire scoile. Ina dhiaidh san, d’fhreastal sí ar Cholaiste Mhuire gan Smál agus fuair sí Céim san Oideachas. Thug sí aghaidh ar Chathair Bhaile Atha Cliath, áit a fuair sí post muinteoireachta i Scoil an tSeactar Laoch i mBaile Munna. Bhí an t-ádh léi i mBaile Atha Cliath mar bhí an chathair lán de ceoltóirí, rinceoirí seite agus amhránaithe agus mar sin, bhí sí i lár an aonaigh ann ag éisteacht agus ag rince leo. D’oibrigh sí ar feadh tréimhse le Slógadh Gael-Linn – ag dul timpeall na tíre leis an bhfoireann ag eagrú agus ag rith na comórtais áitiúla, reigiúnda agus Naisiúnta. Bhí baint aici fós le cúrsaí samhraidh Gael Linn, a bhí á rith i mBaile Mhuirne. Nuair a dúnadh Coláiste Iosagáin sa bhliain 1990 tugadh cuireadh di bheith mar bhall de fhoireann mhúinteoireachta Gael Linn I gColáiste Bhaile Mhúirne. Tar éis cúig bliana i Baile Atha Cliath fuair mí post múínteoireachta i nGaelscoil Uí Riada i mBaile an Easpaig. Ní raibh sí ró fhada i gCorcaigh nuair a glacadh mar bhall de Chór Ban Cúil Aodha í agus níorbh fhada go raibh sí ag freastail ar ranganna amhránaíochta, ceolchoirmeacha agus ócáidí cultúrtha a bhí ar siúl san Ionad Culturtha i mBaile Mhuirne. Sa bhliain 2010 tugadh cuireadh di bheith ina Chathoirleach ar Choiste Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne.
Toirdealbhach Ó Lionáird (Rúnaí) / Aisteoir, Scríbhneoir agus Príomhoide- Meánscoile
Tá Toirdealbhach O Lionáird ina phríomhoide i gColáiste Ghobnatan ó 2017. Rugadh agus tógadh i gCill Áirne, Co. Chiarraí é ach is i mBaile Mhúirne a mhúscail sé a shuim sa drámaíocht. Mar bhall bunaidh d’Aisteoirí Ghobanan, ghlac sé páirt i mórán drámaí, a léiríodh go háitiúil agus timpeall na tíre. Is iomaitheoir Oireachtais é freisin, páirteach sna hagallaimh beirte agus sna lúibíní. Tá suim fé leith aige san fhilíocht agus scríobhann sé gearrscéalta chomh maith, i dteannta a cháirde atá sáite sna healaíon i gCill Áirne.
Aindrias Ó Muimhneacháin / Teachta Dála
Ionadai pobail aitiúil Muscraí. Ball de Údarás na Gaeltachta; Ball de Comhairle Contae Chorcaí; Ball de Choiste straitéiseach Ealaín, Cultúir agus Teangacha Chomhairle Contae Chorcaí; Ball de bhord bainistiochta Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Coláiste Ghobnatan Baile Mhic Íre, agus Scoil Mhuire Béal Ath’an Gaorthaidh; Ball de Choiste Cuimhneacháin 1916 Chomhairle Contae, Iar-bhall de Choiste Ghairm Oideachais Contae Chorcaí. Cáilithe mar Innealtóir agus sa bainistiocht agus margaíocht ó CIT agus ó Ollscoil Chorcaí. Anois tá sé mar Teachta Dála le Fianna Fáil.
Seán Óg Ó Dúinnín / Aisteoir, Ceoltóir agus priomh oide meán sceoil
Tá Seán Óg ina prhríomhoide i Scoil Mhuire, Béal Átha’n Ghaorthaidh ó 2006 i Leith agus roimhis sin bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge agus Béarla i nGaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh. Is as Cúil Aodha dó agus is ansin, sa bhunscoil agus sa chlub óige a thosnaigh sé ag drámaíocht le tacaíocht agus treoir ó Dhónal Ó Liatháin. Agus é g freastal ar Choláiste Ghobnatan, ghlac sé páirt in iliomad drama faoi stiúir Rachel Ní Riada. Tá sé ag aisteoireacht ó shin agus drámaí déanta aige le hAisteoirí Chúil Aodha, Aisteoirí Ghobnatan agus Aisteoirí Bhearna na Sceach i Máigh Chromtha gan trácht ar ghuthú do chomhlachtaí teilifíse do chláracha ar TG4. Tá páirt glactha aige i gceoldrámaí chomh maith, agus go deimhin, bionn roinnt ceoil á sheinmt aige freisin.
Síle Uí Chróinín / Cúntóir ealaíne san Ionad Cultúrtha
Rugadh agus tógadh Síle i gcroílár Chúil Aodha agus tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag banaltracht i Sasana d’fhill sí abhaile agus tá cónaí anois uirthi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh lena fear céile agus a gclann iníonacha.Tá Síle ina cúntóir ealaíne san Ionad Cultúrtha ó 2006 i leith agus roimhe sin chaith sí breis agus cúig bliana déag ag tabhairt faoi chúramaí baile. Tá cáilíochtaí bainte amach aici sa bhanaltracht agus sa snáthaidpholladh (acupuncture). Chaith Síle na blianta fada ar Choiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh agus ar Bhórd Bainistíochta Scoil Mhuire. Bhí sí ina cathaoirleach ar Naíonra Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ar feadh seal chomh maith. Tá sean-thaithí aici ar a bheith ag plé le drámaí, agallaimh beirte agus lúibíní, agus tá roinnt duaiseanna buaite aici ina leith ag Oireachtas na Gaeilge agus ag féilte drámaíochta.
Bríd Cranitch (Cisteoir) / Stiúrthóir Ionad Cultúrtha
Tá ceol traidisiúnta ag Bríd Cranitch ón gcliabháin. Is deirfiúr í den gceoltóir cáiliúil, Matt Cranitch. Sheinn Bríd piano/méarchlár le an-chuid ceoltóirí agus le grúpaí ceoil ag ceolchoirmeach agus ar dlúth dioscanna – ina measc, Frankie Gavin, Seán Maguire, Moving Cloud, Áine Uí Cheallaigh agus lena deartháir, Matt, comh maith. D’fhoilsigh sí dhá bailiúcháin de cheol traidisiúnta, le dlúthdioscanna an ceann ag dul leo, The Blue Book and The Orange Book, agus sheinn sí an piano ar an dá dlúthdiosca seo. Le cúpla bliain anuas, tá si ag seinnt an fidil comh maith agus is féidir í a chloisint ag seisiúin timpeall na h-áite ach go háirithe ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, i gContae an Chláir i rith an tSamhraidh. Tá sí fostaithe mar bainisteoir ar ionad ealaíne i nGaeltacht Mhúscraí, Ionad Cultúrtha – áit atá ag soláthair cláracha ealaíne don aos óg agus do phobal cheantar Mhúscraí – idir ranganna ceoil, ranganna amhránaíochta, ceardlanna ealaíne, cláracha oideachais ealaíne sna scoileanna mágúird, scéimeanna cónaitheach, taispeántaisí ealaíne agus ceolchoirmeacha traidisiúnta agus claisiceach. Tá Ionad Cultúrtha lárnach i saol chultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí le cúig bhliain déag anuas, faoi stiúir cruthaitheach Bhríd.