Skip to content

Ranganna an Earraigh / Spring Classes

  • Drámaíocht – Ceardlanna drámaíochta do dhéagóirí 12-18 bliain á reáchtáil san Ionad Cultúrtha le Esther Uí Chruadhlaoich.
  • Garry McCarthy – nó GMC Beats i mbun ceardlanna ‘rap’ le daltaí na hidirbhliana ó Choláiste Ghobnatan & Scoil Mhuire
    Béal Átha’n Ghaorthaidh.
  • Daltaí Choláiste Ghobnatan & Scoil Mhuire – Beidh taispeántas faoi leith againn ó dhaltaí áitiúla agus Garry McCarthy, nó GMC Beats mar is fearr aithne atá air, ag léiriú torthaí a gcuid saothair le Garry ibhfoirm RAP as Gaeilge! Beidh taispeántas drámaíochta againn le daltaí drámaíochta faoi stiúir Esther Uí Chruadhlaoich mar chuid den ócáid chomh maith.
  • Ensemble Mhúscraí – Ceolfhoireann faoi stiúir Paul Clesham, dírithe ar dhéagóirí. Fáilte roimh cheoltóirí nua – cleachtadh a fháil ar conas ceol a chumadh & a chóiriú.
  • Aisling Gheal – Ranganna amhránaíochta ar an sean-nós á soláthar sna bunscoileanna áitiúla mar aon le ranganna do dhéagóirí san Ionad Cultúrtha gach Céadaoin, 4.30 – 5.30pm.
  • Ranganna Ceoil le Henry Cronin – Breis eolais le fáil ón Ionad Cultúrtha. Glaoigh: 026-45733

David Syme

Virtuoso Pianó Meiriceánach atá ina chonaí in Iarthar Chorcaí. Bhí sé mar ealaíontóir cónaithe le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá an t-ádh linn go mbeidh sé inár dteannta ar feadh tréimhse chónaitheach anois.

David has performed all over the world, including in Carnegie Hall and Lincoln Centre. We hope to have master classes & musical appreciation afternoons throughout the Spring.

Upcoming Master Class >>

Édaín Ní Dhomhnaill

Ag soláthar ceardlanna ealaíne bainteach leis an gceol agus an nádúr – fuaim an cheoil agus an samhlaíocht á spreagadh i bhfoirm ealaíne.

Bheidh sé seo dírithe ar na scoileanna.

Back To Top