Skip to content
Diarmuid Ó Meachair
Jack Talty
James Cullinan

Diarmuid Ó Meachair, Jack Talty, James Cullinan 01/09/2023

Diarmuid Ó Meachair

Is boscadóir agus amhránaí sean-nóis é Diarmuid Ó Meachair. Rugadh agus tógadh é i nDoire an Chuilinn i gCúil Aodha. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 Ceoltóir óg na bliana air i mbliana (2022). Tá cuireadh faighte aige ó Frankie Gavin bheith mar bhall den ghrúpa clúiteach De Dannan. Beidh a dara albam “Melodeon Medleys” á eisiúint aige i Mí Iúil 2023.

Bhuaigh sé craobh na hÉireann ar an milodeon i 2016 in Inis agus é naoi mbliana déag d’aois.

Fuair sé maoiniú ón gComhairle Ealaíona agus Ealaín na Gaeltachta i 2021 chun dul i mbun taifeadta. Tá dlúthdhiosca á eisiú aige le Raelach Records.

Tá comórtaisí buaite ag Diarmuid ag Oireachtas na Samhna thar na blianta, Corn Darach Ó Catháin (fé12 i nDoire) agus Corn Seosamh Ó hÉanaigh (12-15 i gCill Áirne) ina measc.

Chéimnigh Diarmuid ó Choláiste Mhuire Gan Smál i 2018 le céim Baitsiléara san Oideachas le speisialtóireacht san Oideachas Lán-Ghaeilge. Is múinteoir ranga é i nGaelscoil Uí Riordáin i mBaile an Chollaigh ó shin.

Tá Diarmuid tar éis an bosca ceoil a mhúineadh ag féilte ar nós Éigse Dhiarmuidín, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Meitheal agus is minic a bhíonn sé le clos ar chláracha teilifíse agus ar Radio na Gaeltachta

Diarmuid Ó Meachair is a BC & C#D Button Accordion player from Cúil Aodha in West Cork. He is also an accomplished 10 key melodeon player and sean-nós singer. He was recently awarded the prestigious Young Musician of the year award from TG4 for 2022. He is one of the most exciting accordion players of his generation. He has recently been invited by Frankie Gavin to join the latest Dé Dannan line up. His second solo album “Melodeon Medleys” will be released in July 2023.

Diarmuid has recently released his debut album “Siúl na Slí” under the Raelach Records label.

In 2016, Diarmuid won the Senior All Ireland melodeon title at the Fleadh in Ennis at 19 years of age. At the All Ireland Fleadh the following year he was invited to perform at a tribute concert in memory of Finbarr Dwyer, his debut solo performance was well received.

In 2018, Diarmuid graduated from Mary Immaculate College with a Bachelor’s degree in Primary Education. In his first and current post as a teacher in Gaelscoil Uí Riordáin, Diarmuid directed a group of 80 children to perform four sean-nós songs traditionally sung in Muscraí as part of Cór fhéile Chorcaí.

Diarmuid has won many sean nós singing competitions at the competitive Oireachtas na Samhna, Corn Darach Ó Catháin and Corn Seosamh Ó hÉanaigh especially.

Diarmuid has been invited to teach at various festivals such as Scoil Samhraidh Willie Clancy, Éigse Dhiarmuid Uí Súilleabháin, Scoil Cheoil an Earraigh and the Meitheal summer school.


Jack Talty

Is ó Lios Uí Chathasaigh i gCo. an Chláir é Jack Talty. Is cumadóir, léiritheoir, teagascóir agus ceoltóir ildánach é, a bhfuil iliomad gradam agus duaiseanna buaite aige le blianta anuas. I 2021 ceapadh é ina léachtóir sa Cheol Traidisiúnta i Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá neart ama caite aige ar chamchuairt ar fud na cruinne lena chuid ceoil, le Meiriceá, an Astráil, an Áis agus an Eoraip ina measc na n-áiteanna clúdaithe aige. Lena chois sin, tá toardh a chuid saothair agus a thionchar le clos ar thart ar 90 albam mar cheoltóir, cumadóir, léiritheoir agus innealtóir fuaime. Bhunaigh sé an comhlacht taifeadta Raelach Records sa bhliain 2011 le roinnt mhaith ceirníní traidisiúnta ó cheoltóirí éagsúla eisithe ó shin i leith agus iad ag dul ó neart go neart i gcónaí.

Jack Talty is a multi-award-winning traditional musician, composer, producer, academic, and educator from Lissycasey in county Clare. In 2021, he was appointed to the post of Lecturer in Irish Traditional Music at the School of Film, Music and Theatre at University College Cork. As a performer Jack has toured extensively throughout Europe, the United States, Australia, and Asia, and he has contributed to over 90 albums to date as a musician, producer, composer, arranger, and engineer. A regular contributor to traditional music programming on various media, Jack is also the Artistic Director of Raelach Records, a traditional music label that he founded.


James  Cullinan

Rugadh James i Derula, Cill na Móna, Co. an Chláir. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Thamhnaí, áit inar mhúin an múinteoir iomráiteach Frank Custy dó conas an veidhlín a sheinnt ag aois óg naoi mbliana. Ag an am céanna chothaigh Frank cumas ceoil i go leor eile atá ina gceoltóirí cumasacha anois. I dteannta a chéile bhíodar ina mbaill de Bhanna Céilí Thamhnaí ag seinnt ag iliomad céilithe agus comórtas Fleadh Cheoil ar fud na tíre.

Níos déanaí bhí sé ina bhall de Banna Ceoil Dísirt na Tola bunaithe sa bhliain 1981 ag Gearóid Ó hAllmhurain, ag tabhairt le chéile ceoltóirí ón gClár agus Baile Átha Cliath. Thaifead siad ceirnín sa bhliain 1983 le camchuairt ar fud na hÉireann, Sasana agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá neart camchuairte déanta aige le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith.

D’fhás James ina veidhleadóir  cumasach ag aois an-óg agus is minic a bhí sé le fheiscint agus le clos ar an teilifís agus an raidió i gcaitheamh na mblianta. D’eisigh sé dlúthdhiosca ard-mholta dar teideal ‘Happy to Meet’ sa bhliain 2002 lena chara agus fliúiteadóir clúiteach, an sár-fhear PJ Crotty, atá imithe ar shlí na fírinne, agus a bhean Carol. Tá sé tar éis seinnt ar go leor dlúthdhioscaí eile thar na blianta chomh maith.

James was born in Derula, Kilnamona, Co. Clare. He attended Toonagh N.S where renowned teacher Frank Custy taught him to play the fiddle at the early age of 9. At the same time Frank taught many others to play who are well known musicians today. Together they were members of the Toonagh Céilí Band playing for many céilís and Fleadh Cheoil competitions throughout the country.

He later became a member of the Dísirt Tola Band formed in 1981 by Gearóid Ó hAllmhurain bringing together musicians from Clare and Dublin. They recorded an album in 1983 followed by a tour of Ireland, England and the USA. He has also toured with Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

James grew into an accomplished fiddle player at a very young age and has had numerous TV and radio performances over the years. He released a highly acclaimed duet album called ‘Happy to Meet’ with his good friend and well-known flute player, the late great PJ Crotty and his wife Carol in 2002. He has also featured on many other albums down through the years.

Back To Top